Tar éis do Ṡeatanta ḃeiṫ tamall i nEaṁain Maċa lean sé
Conċuḃar mac Neasa is a ḃuiḋean go dún Ċulainn Céard,
mar a raiḃ fleaḋ aca; aċt níor rug orṫa, i dtreó nár ċuiṁ-
niġeadar air i ndeireaḋ a n-aistir, is gur ḋúnadar na
dóirse air. Ḃí an áit fé ċosaint ċon fraoċda an uair ṡroiċ
an t-ógán aonair áitreaḃ Ċulainn. D’ionsuiḋ an ċú é, agus
d’eiriġ coṁrac uaḃṫasaċ eadarṫa ċum gar ṁairḃ an t-ógán
an ċú d’ḟonn é féin do ṡaoraḋ uaiṫe. Niḋ nár ḃ’iongnaḋ,
ḃí Culann ar buile d’a ḋeascaiḃ; aċt do ġeall an t-ógán
dó go ndéanfaḋ féin feiḋm na con feasta. Mar soin is eaḋ
fuair sé an leas-ainm Cú Ċulainn.
Agus é seaċt mbliaḋna d’aois ġaiḃ sé arm gaisce. Le
n-a linn sin, do ṁairḃ sé triúr mac Neaċta Scéine agus luċt
laoċais nár ḃ’iad. D’a éis sin, do réir an tseanċuis,
ċuaiḋ sé go scoil airm fá ṫreóraḋ Uaṫaiġe i nGleann na
hUaṫaiḋe i n-iarṫar Ċiarraiġe. Is cosṁail gur ċuir scríoḃ-
nóir éigin an ṁír sin isteaċ ’san scéal d’ḟonn a ċur i n-a
luiġe ar ḋaoiniḃ go riaḃ Uaṫaċ i gCiarraiġe agus scoil airm
aici ann ċoṁ maiṫ is mar ḃí i Sceiṫia mar a ndeaċaiḋ Cú
Ċulainn niḋ ba ḋiaḋnaiġe. Is eól dúinn, áṁ, gur ṫug Cú
Ċulainn ḋá ċuaird eile ar Ċiarraiġe, go raiḃ mac Rioġ Ulaḋ
is a ḃuiḋean ag fóirṫin ar an ḃFéin i gCaṫ Fionntráġa roiṁ
ṫeaċta Ṗádraig, agus Maolṁaoḋóg Naoṁṫa i nUiḃ Ráṫaċ is
fonn air coṁnuiḋe ann díreaċ sul ar ṫáinig na Normanaiġ i
nÉirinn. Is truaġ gan an caidreaṁ céadna idir Ultaiḃ is
Corca Duiḃne le diaḋnaiḋe. An muinntearḋas a nascaḋ an
uair d’aḋlacaḋ Brian Bóirṁe, a ṁac agus mac a ṁic i
nÁrd Maċa leigeamair do ḋream iasaċta a ropaḋ le n-ár
linn féin, é fada gairid a ḃeiḋ an scéal aṁlaiḋ.
Iarsoin ċuaiḋ Cú Ċulainn go hAlbain mar a raiḃ scoil airm
ag Doirinn, inġean an rioġ Doṁnall. Ḃí Conall Cearnaċ
agus Laoġaire Buaḋaċ i n-a ṫeannta, aċt níor ṡásuiġ éinne
ḋíoḃ an ḃanḟlaiṫ aċt aṁáin Cú Ċulainn. D’ḟill an ċuid eile
aḃaile, agus leis an aimsir ċuadar ċuadar go dtí an Doṁan Toir.
Ċaiṫ Cú Ċulainn bliaḋain i nAlbain; agus, dála scéil Uaṫaiġe
i gCiarraiġe, ní annaṁ a léiġmíd gurab í Scaṫaċ a ḃí i
gceannas scoile Alban. I gcionn na bliaḋna ṫáinig faṫaċ
ann, agus ṁeas sé Cú Ċulainn do ṫarcaisniuġaḋ. Duḃairt
sé leis ná cleaċtaḋ na scola airm i nOirṫear Doṁain na
cleasa suaraċa úd a ḃíoḋ ar siuḃal ag Coin Ċulainn. D’ḟiaf-
ruiġ seisean de annsoin cá raiḃ an scoil ag Scaṫaiġ, inġean
Rioġ Sceiṫia, aċt ní inneosaḋ an faṫaċ dó. Ġluais Cú
iv
|