| 68	RUḊRAIĠEAĊT
 
 Muna mbeaḋ draoiḋeaċt ṁór-ṡluaiġ
 feaḋ do ṁairfinn,
 Ní ṁuirḃfidís mé fir doṁain
 a los airm;
 
 Muna mbeaḋ clann Ċailitinn,
 cruaiḋ a ḃfis,
 Noċa leadraidís fir Luaċra
 leaḋb dem’ ċnis.
 
 Fionnaid eóluiġ, tréan an torann,
 borb a mbriġ
 Is soiléir dóiḃ naċ fuil Conall
 ins an tír.
 
 I gCruiṫe an tuaiṫ do ċuaiḋ Conall
 ṫar Muir mBeann
 Im’ láiṁ-se do ḟágaiḃ Conall
 an tír teann.
 
 Is tusa a rin a meirtne meaḃla
 d’éis an ḟir,
 Go nár toraċt duḃ-ṡluaġ Eaṁna
 ṫar mo lir.
 
 Mairg do’n iolar, mairg don lia
 mairg bioṫ-ḃuan
 Mairg sluaġ Gaoiḋeal, mairg aen-ḟear,
 mairg do’n tiuġ-ṡluaġ.
 
 Biaiḋ mairg doṁ-sa, biaḋ mairg dóiḃ-sean
 buḋ dá ṁairg,
 Fearfad-sa leó coṁlann cróḋa,
 d’a mbeiḋ mairḃ.
 
 Do-ġéansa gníoṁ talcṁar teann
 dá mbeiṫ faoiḋ,
 Muirḃfead-sa leaṫ giolla nÉireann
 i n-ioc Laoiġ.
 
 Do-ġéansa gníoṁ eile teann,
 fáṫ gan ċeilt,
 Muirḃfead-sa leaṫ eaċ ḃfear nÉireann
 i n-ioc m’eiċ.
 
 
 
 |